Radio and PodcastRadio and PodcastLive Radio & Podcasts
27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) artwork
Education

27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain

Dec 27, 202500:08:16Education

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag dír...

About This Episode

27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) is an episode from Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain. Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i...

Podcast

This episode belongs to Nuacht Mhall.

Listen Online

Use the player on this page to stream the episode online.

Episode Details

Published Dec 27, 2025, 00:08:16 long, audio available.

Questions About This Episode

What is 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) about?

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh. Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra. Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas. Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi bhun an reophointe - below freezing saorlimistéar eacnamaíochta - economic free zone murlach - lagoon stua - arc eachtraí mícháiliúla - infamous events coimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

Where can I listen to 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)?

You can listen to 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) online on Radio and Podcast. Open the player on this page to stream the available audio.

Which podcast is 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) from?

27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) is an episode from Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain.

How long is this episode?

This episode is 00:08:16 long.

When was this episode published?

This episode was published on Dec 27, 2025.

Can I save 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) for later?

Yes. Use the heart button on the episode page to add it to your favorite episodes list.

Are there related episodes from Nuacht Mhall?

Yes. This page shows related episodes from Nuacht Mhall when more episodes are available from the podcast feed.